Bódléar – Darach Ó Scolaí
Na Mairbh a d’Fhill – Cathal Ó Sándair
Sa Pholl Báite – Anna Heusaff

Bódléar
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac
I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn muintir an bhaile ag súil go mór leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe.
“Na Filí Mallaithe”
I mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua “gan cheol gan rithim”, tagann uafás agus alltacht orthu. An sagart féin, fógraíonn sé na ‘filí mallaithe’ ón altóir.
(Hanna Ní Lochnáin)
“Ag léamh an clúdach cúil roimis dhom an leabhar seo a thosnú, cheapas go mbeadh sé saghas “tirim” ach níor chóir dom puinn amhras a bheith orm faoin bua scéalaíochta atá ag Darach Ó Scolaí, bhí an leabhar go diail! Bhaineas ard-taitneamh as an scéal.
Stíl álainn phróis atá ann agus saibhreas teangan leis. Bhí orm an foclóir a cheadú babhtaí ach níor mhill sé sin an scéal orm in aon chor – bhog an t-aicsean ar aghaidh go bríomhar agus bhíos tumtha ann.
Bua iontach atá ag an údar dar liom ná an tslí gur féidir leis íomhá gléineach do shuíomh an scéil a chruthú don léitheoir. Bhraitheas go raibh gach conair agus cloch sa Bhaile Beag ar eolas agam.
Ana-leabhar!”

Na Mairbh a d’Fhill
Cathal Ó Sándair
Cló Iar-Chonnacht
Nuair a fhuadaítear an Dr Leon, eolaí rí-éirimiúil atá ag obair ar aireagán sár-rúnda ar son Rialtas na hÉireann, iarrtar ar a sheanchara Réics Carló an cás a fhiosrú. Tá Réics muiníneach go n-éireoidh leis Leon a thabhairt slán – níor theip air riamh cás a réiteach. De réir mar a théann sé i mbun oibre, áfach, tuigtear dó go bhfuil rud éigin as an ngnáth ar fad faoin gcás áirithe seo. Beidh clisteacht, cúnamh agus a dhá dhorn de dhíth air roimh dheireadh na heachtra seo.
“Scéal eachtraíochta é Na Mairbh a d’Fhill, a ghluaiseann ar aghaidh ar luas lasrach, lán aicsin agus samhlaíochta.
Thaitin na carachtair go mór liom, go háirithe an Dr Leon.”

Sa Pholl Báite
Anna Heussaff
Cló Iar-Chonnacht
Tá Emer Uí Ghríofa imithe gan tásc. I gcúinne uaigneach ar bhruach na Life a aimsíonn an Garda Réamonn Seoighe a corp. Tá a mac, Dan, cráite faoina bás ach cén drogall atá air labhairt leis na gardaí?
Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra an deireadh seachtaine céanna, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí.
Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis agus í ag éirí gafa sa chás. Tá noda fiúntacha agus fianaise bhréige á scagadh aicise agus ag na gardaí; tá faire faoi cheilt ar siúl istoíche agus an t-am ag sciorradh. An nochtfar an ciontóir sula ndéanfar an dara marú?
(Club leabhar Charlie Byrne)
“Thaitin an leabhar seo thar cionn liom. Tá cuid mhaith leabhar sa seánra áirithe seo léite agam i mBéarla agus tá sé seo chomh maith le ceann ar bith acu.
Cheap mé go raibh a fhios agam ‘cé a rinne é’ ach bhí dul amú mór orm!
Tá téamaí agus fadhbanna a bhaineann le saol an lae inniu fite isteach go nádúrtha sa scéal agus tá na carachtair so-chreidte. Tá cumas ar leith ag an scríbhneoir ó thaobh cur síos ar an timpeallacht agus ar an dúlra.”
Siopaí Leabhar
Charlie Byrne’s
Cló Iar-Chonnacht
Cló Mhaigh Eo
Dalen
Éabhlóid
FutaFata
Kenny’s
Leabhar Breac
An Siopa Leabhar
Siopa.ie
An tSnathaid Mhór